Duinnín i Lios Dúin Bhearna (tuilleadh)
Dineen in Lisdoonvarna (continued)
-
Faoin am seo, bhí an Duinníneach imithe i dtaithí ar thaoide na n-imeachtaí ar an mbaile. Bheadh daoine ag bogadh síos go Teach an Chaidéil Uisce anois, féachaint an mbeadh aithne acu ar éinne den dream úr a bheadh tagtha isteach ar na cóisti. Chruinnigh Burr agus Laetetia chun imeachta. Ní raibh Gobnait fillte ó sheomra na mban. Lig an Duinníneach chun siúil iad agus nuair a bhí an áit socair arís agus an pianódóir ag iarraidh daoine a spreagadh chun válsa a dhéanamh, shuigh sé taobh le hEllie agus an buachaill rua agus lig sé osna.
By this time, Dineen had become accustomed to the tide of events in the town. People would be moving down to the House of the Water Pump now, to see if they knew any of the new people to came in on the coaches. Burr and Laetetia assembled for departure. Gobnait had not returned from the women’s room. Dineen let them go and when the place was calm again and the pianist was trying to encourage people to waltz, he sat beside to Ellie and the red-headced boy and let out a sigh.
taithí Frequentation, resort; Habit; practice, experience taoide tide; time, spell f imeacht Going, departure; … Course, passage m caidéal pump m gs npl caidéil dream Body of people; group, tribe, set; some m cóiste Coach; carriage m cruinnigh Gather; Assemble; collect; Draw together spreagadh Urging, incitement; incentive, encouragement; excitation, stimulus m -
”Bhfuil tú ceart go leor, a Athair,’ ar sise.
Ón uair gurbh iníon ministéara í, bhí a fhios aici gur gá aire a thabhairt don chléir.
‘An gúta, a thaisce.’
‘An bhféadfainn cuidiú leat ar bhealach ar bith, a Athair?’
‘Nil leigheas ar bith le taom gúta mar seo ach siúil go mall tomhaiste agus duine éigin dod chomóradh.’
‘Are you alright, Father?’ she said.
Since she was a minister’s daughter, she knew that the clergy needed to be looked after.
‘Gout, my dear.’
‘Could I help you in any way, Father?’
‘There is no cure for a gout attack like this but to walk slowly and carefully with someone to accompany you.’
aire Care, attention f cléir clergy f gúta gout m taom Fit, paroxysm; attack [of illness] m tomhaist Measure; weigh, gauge, estimate v comóradh Gathering, assembly; Celebration; Accompaniment, escort of honor m -
‘Thug sí huillinn dó agus chuaigh an bheirt acu ag siúl thart ar imeall an tseomra.
‘Airím go bhfuil tú féin beagáinín trí chéile, a thaisce,’ ar seisean agus cuma chomh soineanta, neamhurchóideach sin air narbh fhéidir léi rún a dhéanamh dá himní.
‘D’iarr fear orm é a phósadh. Tá sé i ngrá liom. Nílim cinnte céard is cóir dom a dhéanamh.”
”Bhfuil tu féin i ngrá leis?”
“Táim. Nílim. Níl a fhios agam.’
”Bhfuilimid ag caint ar an bhfear óg dathúil sin a bhí ag rince leat?” [d.l. 236]
She gave him an elbow and the two of them walked around the edge of the room.
‘I sense you’re a little confused, my dear,’ he said so innocently and harmlessly that she couldn’t conceal her worryy.
‘A man asked me to marry him. He is in love with me. I’m not sure what I should do.’
‘Are you in love with him?’
‘I am. I am not. I do not know.’
‘Are we talking about that handsome young man who was dancing with you?’
imeall Border, edge, rim, margin m airigh perceive, sense soineanta calm;… innocent neamhurchóideach Harmless, inoffensive dathuil handsome -
Á, nil ansin ach buachaill.”
‘An mbeimis ag caint ar an dochtúir d’aon tseans?”
Sméid sí a ceann agus tháinig luisne ar a leicne.
‘Cén freagra a thug tú air?”
‘Bhuel, d’imigh sé go tobann sular thugas aon fhreagra air. Tháinig a Aintín, Laetetia, isteach.’
‘Aintín le Burr, Laetetia Haddock? ’Bhfuil tú deimhin de?’
‘Hildebrandt féin a d’inis dom.’
‘Dar mo ladhraicín beannaithe!”
“Is seanbhean leithleach, éilitheach í …”
“Tá sí scór bliain níos óige ná mé . . . ach lean ort, a thaisce.’
‘Oh, only a boy.’
‘Would we be talking about the doctor by any chance?’
She nodded her head and a blush came over her cheeks.
‘What answer did you give him?’
‘Well, he suddenly left before I could give him any answer. His aunt, Laetitia, came in.’
‘Laetitia Haddock is Burr’s aunt? Are you sure of it?’
‘Hildebrandt himself told me.’
‘By my blessed little toe!’
‘She is a selfish, demanding old woman…’
‘She is twenty years younger than me . . . but go on, my dear.’
Sméid Wink, nod, beckon; sign, signal (with movement of head) luisne Blush, glow f leaca cheek f npl leicne ladhraicín = laidhricín little toe, little finger m leithleach Apart; peculiar, distinct; (of manner) stand-offish, distant; Selfish, egotistic éilitheach Demanding, importunate; Inquiring, solicitous; friendly -
“Tá Hildebrandt ceanúil uirthi. Tá croí lag aici agus tá faitíos air aon ní a dhéanamh a chuirfeadh fearg uirthi. Inné, cheana, bhí eachtra beag éigin ann leis an Honourable Albinia, agus ba dhóbair di taom a fháil ina dhiaidh. Tá sé chun caint léi anois agus é á tionlacan síos go Tigh an Chaidéil. Inseoidh sé di gur mian leis mise a phósadh …ach… ach…
‘Hildebrandt is fond of her. She has a weak heart and he is afraid to do anything to make her angry. Yesterday, already, there was some small incident with the Honorable Albinia, and she nearly had a seizure afterwards. He is going to talk to her now as he accompanies her down to the House of the Pump. He will tell her that he wants to marry me …but… but…’
ceanúil Loving, affectionate; fond cheana lready, beforehand dóbair It nearly happened (that). taom Fit, paroxysm; attack [of illness] m tionlacan Accompaniment, escort; attendance mian desire f -
‘Ach?’
‘Ach nílim cinnte gur mian liom é a phósadh. Ní raibh dóthain ama agam mo mhachnamh a dhéanamh air. Sampla fir é. Ta sé chomh séimh, chomh cneasta, chomh tuisceanach, chomh maith sin ag rince …
‘Ach níl tú ag freagairt grá dhó?”
‘Ní dóigh liom go bhfuilim …
‘But?’
‘But I’m not sure I want to marry him. I haven´t had enough time to think about it. He is an example of a man. He is so gentle, so sincere, so considerate, so good at dancing…
‘But you are not answering his love?’
‘I don’t think I am…’
dóthain Enough, sufficiency f machnamh Reflection, contemplation m séimh thin, slendor; mild, gentle cneasta Honest, sincere; Decent, seemly; Mild-mannered tuisceanach Understanding; wise, discerning; thoughtful, considerate -
Fógraiodh seit. Tháinig an fear óg rua chun Ellie a shaoradh ón Duinníneach agus i a thabhairt amach ag rince. Níor thug sí faoi ndeara agus í ag glacadh a háite go raibh luas faoi choiscéim an Duinnínigh agus é ag fágáil an halla. Dheifrigh sé chuig Stáisiún na bPólíní agus chuir sé é féin in aithne don sáirsint.
A set was announced. The young redheaded man came to free Ellie from Dineen and take her out dancing. She did not notice as she took her place that there was speed under the feet of Dineen as he left the hall. He hurried to the Police Station and introduced himself to the sergeant.
seit set [dance] saoradh Liberation, deliverance, release, acquittal m luas Speed, velocity -
B’ábhar iontais do na póilíní é. Bhi treoir faighte acu ón gceannasaíocht i mBaile Atha Cliath cúnamh a chur ar fáil don [d.l. 237] Duinníneach, dá n-éileodh sé sin, ach cé shamhlódh go mbeadh greim ag an bhfirín beag seo, a raibh deora allais ar a chlár éadain, ar chluas na mbocanna móra sa Chaislean?
The matter was a surprise to the police. They had received direction from the command in Dublin to make help available to Dineen, if he requested it, but who would have imagined the grip this little man would have, whose forehead had tears of sweat, on the ear of the big shots in the Castle?
ábhar Matter, material m treoir Guidance, direction f ceannasaíocht Leadership, command f éiligh Claim, demand v greim Grip, grasp, hold m boc buck, playboy m -
“Teastaíonn uaim go rachadh oifigeach láithreach go dtí an Thé Dansante san Imperial, agus a rá le Miss Ellie Cuttle go bhfuil sí ag teastáil sa bhaile láithreach, gan mhoill. Tugtar síob abhaile di, go práinneach.’
Agus é sa Stáisiún, chuaig Laetetia Haddock thar bráid i ngan fhios dó, fiúir feirge ar a haghaidh, í ag brostú soir an bóthar i dtreo íoclann an Dochtúra, a lámh ar a hata aici chun é a choinneáil slán ón ngaoith.
‘I want an officer to go immediately to the Thé Dansante in the Imperial, and tell Miss Ellie Cuttle that she is wanted at home at once, without delay. A ride home is to be given her, urgently.’
While he was at the station, Laetetia passed by without his knowledge, fury of anger on her face, hurrying eastward on the road towards the Doctor’s dispensary, her hand on her hat to keep it safe from the wind.
oifigeach officer m láithreach present, immediate síob Drift; Ride, lift, hitch f práinneach Urgent, exigent; pressing, pressed bráid neck; throat f dul thar bráid pass by fiúir fury, bristling anger f fearg anger f gs feirge brostaigh Hasten, urge; hurry vn brostú soir To the east, eastward íoclann dispensary f -
Ni fhaca sé Gobnait Ni Bhruadair ach oiread agus cairt cabiistí aici, an bheirt rascal ar a barr, ag feitheamh faoi chrann mór darach os comhair tí an dochtúra amach.
Shíl sé mar sin go raibh cúrsaí faoi stiúir. Dhein sé siúlóid faoin mbaile agus é ag machnamh go dian ar chóir dó an dúnmharfóir a ainmniú, nó an raibh seans ann i gcónai go raibh míléamh déanta aige ar an scéal?
Neither did he see Gobnait Ni Bruadair with her cart of cabbages, the two rascals on top, waiting under a big oak tree in front of the doctor’s house.
He therefore thought that matters were under control. He took a walk around town, thinking hard about whether he should be naming the murderer, or there was still a chance he had misread the story?
ach oiread no more than, either feitheamh Watch, look-out, guard; Wait, expectation m dair oak f gs npldarach siúlóid (Act of) walking; walk, stroll f dian Intense, vehement; hard, severe ainmnigh name, call after vn ainmniú machnamh reflection. contemplation m -
Bhrostaigh sé ar ais go dti an Staisiún.
‘Rinne mé féin an teachtaireacht sin duit,’ arsa an fear ag an deasc. ‘Chuaigh mé chun cainte le Miss Cuttle. Beidh síob abhaile aici ar charr na bpóilíní atá ag teacht ó Inis anois.’
He hurried back to the Station.
‘I made/sent that message to you myself,’ said the man at the desk. ‘I went to talk to Miss Cuttle. She will have a ride home in the police car that is coming from Ennis now.’
teachtaireacht Message, errand f síob Drift; Ride, lift, hitch f -
‘Cá bhfuil sí anois?” a d’fhiafraigh an Duinníneach agus sceimhle air. ‘Nár iarras oraibh í a chur abhaile faoi dheifir. Tá sí i mbaol. Cad d’imigh uirthi? Cá bhfuil sí?”
“Tá sí le bheith anseo i gcionn leathuaire agus í reidh chun bóthair,’ arsa an póilín agus iontas air.
‘Deifir Lios Duin Bhearna!’ arsa an Duinníneach agus caor air. ‘Cár chuaigh si?”
“Theastaigh uaithi bille dochtúra a íoc, né a leithéid.’
‘Where is she now?’ asked Dineen in terror. ‘Don’t ask you to send her home in a hurry. She is in danger. What happened to her? Where is she?´
‘She’s due here in half an hour and ready for the road,’ said the policeman in surprise.
‘Hurry Lisdoonvarna!’ said Dineen in a rage. ‘Where did she go?´
‘She needed to pay a doctor’s bill or something.’
sceimhle terror m Deifir hurry -
‘Burr!’ arsa an Duinníneach, de sceamh. ‘Tá sí sa bhearna [d.l. 238] bhaoil. Tagadh triúr agaibh láithreach chun na hioclainne.’
Rith sé féin suas an cnoc rompu. Bhí an baile mar a bheadh léarscáil roimhe. Chonaic sé an Dochtúir Burr roimhe sa ród, ag déanamh a shlí, go seolta aiclí, i dtreo a íoclainne. Ní raibh seans ar bith ann go dtiocfadh sé suas leis. Ansin do[old past particle] chonaic an Duinníneach Ellie Cuttle agus í os comhair na híoclainne, amhail is dá mbeadh sí ag feitheamh leis an dochtuir.
‘Burr!’ said Dineen squealing. ‘She is in [the gap of] danger. The three of you come immediately to the dispensary.’
He himself ran down the hill before them. The town was like a map in front of him. He saw Doctor Burr before him in the road, making his way, freely and agilely, towards his dispensary. There was no way he could catch up with him. Then Dineen saw Ellie Cuttle in front of the dispensary, as if she was waiting for the doctor
bearna gap f léarscáil map f ród road m seolta well-directed; Smooth-running, flowing, free; Easy, graceful. aclaí Supple, limber, agile; Smooth, flexible; Adroit feitheamh Watch, look-out, guard; Wait, expectation m -
Thug an Duinníneach gach ainm air féin. Nár chóir go mbeadh a fhios aige nach rachadh cailín deas béasach, iníon ministéara, abhaile gan a rá leis an sampla fir, Hildebrandt Burr, nuair a thiocfadh sé faoi choinne seisiún leighis an tráthnóna, nach bpósfadh sí é agus go mbeadh sí ag dul abhaile ar mhótar de chuid na bpóilíní chomh luath agus a thiocfadh san ó Inis. Práinn éigin sa bhaile.
Dineen gave himself every name. Shouldn’t he know that a nice and polite girl, a minister´s daughter, wouldn’t go home without telling the example of a man, Hildebrandt Burr, when he arrived for the evening medical session, that she would not marry him and that she would be going home in a police car as soon as it came from Ennis. Some urgent need at home.
béasach Well-behaved; mannerly, polite (girl) f, a Práinn Hurry, rush; urgent need, exigency f -
Ghéaraigh Burr sa siúl. Bhí Ellie feicthe aige.
Mar thíogar ag preabadh ón dufair, léim Laetetia Haddock amach ón gclaí, os comhair Burr. Stop sé. Bhí an chuma air gur labhair siad tamall. Ansin thit Burr, de phleist, ar an talamh. Dhírigh Laetetia agus sheas sí os a chionn.
Lig Ellie scread agus bhrostaigh sí i dtreo na beirte.
Burr quickened his pace. He had seen Ellie.
Like a tiger springing from the jungle, Laetetia Haddock leapt from the fence, in front of Burr. He stopped. It seemed like they talked for a while. Then Burr fell, with a flop, on the ground. Laetetia straightened and stood over him.
Ellie let out a scream and hurried in the direction of the two.
preabadh jump, start, throb m dufair jungle f claí Dike, wall; fence m géaraigh sharpen; pleist Flop, flopping sound f dírigh Straighten; direct -
‘Fan siar, Ellie, fan siar!’ a bhéic an Duinníneach, ach idir saothar agus sceimhle, is bocht an bhéic a bhí ann.
Cualathas grág asail. Tháinig cairt Ghobnait faoi luas amach as an rosarnach a cheil go dti sin í. Shín beirt rascal lámha láidre agus sciob siad Laetetia Haddock, dá bonnaibh, isteach sa chairt.
“Hup!’ arsa Gobnait leis an asal.
‘Stay back, Ellie, stay back!’ shouted Dineen, but between exertion and terror, it was a poor shout.
The bray of a donkey was heard. Gobnait’s cart came speeding out of the shrubbery that had concealed her there. Two rascals stretched out strong arms and pulled Laetetia Haddock, as she was moving, into the cart.
‘Hup!’ said Gobnait to the donkey.
béic shout, yell saothar Work, labor; toil, exertion; stress, effort m sceimhle terror m grág Hoarse, raucous, cry; caw, croak; bray rosánach Thicketed, shrubby sciobadh snatch, grab m -
Bhí Gobnait ag diriú ar a feirm shamplach féin agus rún aici an spadhar pósta a bhaint de Laetetia le tamall sclábhaíochta. Ní raibh fonn uirthi an chairt a stopadh ar éileamh an Duinnínigh. Ní bhíonn ann chaill ar na fir nuair a bhíonn aon saol ar cothrom, dar léi, ach le linn éigeandála, is fearr bean chun [d.l. 239] gnímh. Nuair a rug sé greim ar an gcairt, áfach, ghéill sí dá impí.
Gobnait was aiming for her own model farm with the intention of removing the fit of marriage from Laetetia by a period of slavery. She had no desire to stop the cart at Dineen’s request. There is no loss for men when life is fair, according to her, but during an emergency, a woman comes to action better. When he got a grip on the cart, however, she yielded to his entreaty.
spadhar (Temperamental) fit m díriú Direction; aiming, guidance m fonn Desire, wish, inclination, urge m éileamh claim, demand m cothrom Level; balance; Equal, equable, measure m gníomh (Act of) doing, performing; working,
exercising; action; act, deedm gs gnímh géill Yield, submit (to); Render obedience to impí Entreaty; intercession f -
‘Suígí ar Laetetia,’ ar sise lena cúntóiri. ‘Ni féidir í a
scaoileadh saor go mbeidh ciall cheannaithe aici.’“A Ghobnait,’ arsa an Duinníneach, ‘tá gach rud droim ar ais agat.”
Is ansin a tháinig na póilíní ar an lathair. Triúr acu. Rothar an duine acu.
‘Féach an bhfuil sé marbh,’ arsa an Duinníneach agus é ag diriú a n-aird ar Hildebrandt Burr.
‘Chomh marbh le dódó,’ arsa duine de na póilíní
Sheas Ellie os a chionn agus í ar crith.
‘Sit on Laetitia,’ she said to her assistants. ‘She cannot be released until she has bought sense.’
‘Gobnait,’ said Dineen, ‘you have everything backwards.’
It was then that the police arrived. Three of them. One of them had a bicycle.
‘See if he is dead,’ said Dineen while directing their attention to Hildebrandt Burr
‘Dead as a dodo,’ said one of the policemen.
Ellie stood over his head and was trembling.
cúntóir Helper, assistant m pl cúntóirí crith Tremble, shiver; tremor, shudder; vibration, quiver m See The meaning and origin of the expression: As dead as a dodo
-
‘Suigh síos ar an gclaí ansin, a thaisce, agus cuir an cóta seo thart ort. Baineadh geit asat agus is eagal liom go mbainfear cúpla ceann eile asat sula mbeidh an scéal inste.’
‘A Dhuinninigh, tá poll id gheansai!’ arsa Gobnait agus í sásta go raibh cúis ghearáin aici.
‘Na leamhain,’ a d’fhreagair sé, gan chuimhneamh.
‘Cad a tharla?’ arsa an chéad póilín.
‘Sit down there on the fence, dear, and put this coat around you. You have been frightened and I am afraid you will be frightened a few more times before the story is told.’
‘Dineen, there’s a hole in your sweater!’ said Gobnait, happy that she had a reason for a complaint.
‘The moths,’ he answered without thinking.
‘What happened?’ said the first policeman.
geit Jump, start; fright f eagal Fearful, timorous gearán complaint, grievance, accusation m leamhan (Clothes-)moth m gs npl leamhain -
“Thit mo fiancé, Hildebrandt Burr, i bhfantais,’ arsa Laetetia, on gcairt. ‘Ansin rinne an bhean seo iarracht mé a fhuadach.’
“Mharaigh sí é,’ arsa an Duinníneach, go neamhbhalbh.
‘Seafóid,’ arsa Laetetia. ‘Lig dom labhairt leis.’
‘Ní hí sin flancé Hildebrandt, sin í a aintin mire,’ arsa Ellie.
‘My fiancé, Hildebrandt Burr, fell, in a fantasy,’ said Laetitia, from the cart. ‘Then this woman tried to kidnap me.’
‘She killed him,’ said Dineen bluntly.
‘Nonsense,’ said Laetetia. ‘Let me speak to him.’
‘That’s not Hildebrandt’s fiancée, that’s his crazy aunt,’ said Ellie.
fantais = fantaise Phantom, spectre, phantasm; Fantasia f fuadach Forcible seizure and removal; abduction, kidnapping; spoliation, plunder m neamhbhalbh Outspoken, forthright, blunt mire Quickness, rapidity; spiritedness, ardour; Madness, frenzy -
‘Bhí an fear sin, Burr, chun an bhean seo Laetetia a phósadh ar mhaithe lena cuid airgid agus í a mharú ina dhiaidh sin, mar a mharaigh sé beirt roimpi,’ arsa Gobnait Ní Bhruadair.Bhí duine de na póilíní ag iniúchadh an chorpain.
‘Nil créacht ar bith le feiscint. Ní móide nó go bhfuair sé bás de thaom croi,’ ar seisean.
‘That man, Burr, was going to marry this woman Laetetia for her money and kill her afterwards, as he had killed two before her,’ said Gobnait Ní Bhruadair.
One of the police was examining the body.
‘There is no wound to be seen. Probably he died of a heart attack,’ he said.
iniúchadh scrutiny créacht Gash, wound f móide ← mór + de More, plus ní móide -
“Tabhair chun na marbhlainne é agus déantar scrúdú iarbhais cúramach air. Gheobhaidh sibh marc snáthaide os cionn a [d.l. 240] chroí. Sháigh Mrs. Laetetia Burr é le biorán hata.’
Thit tost ar a raibh i láthair.
‘Laetetia Burr?’ arsa Gobnait. ‘ ’B’é gur phós siad i ngan fhios dúinn.’
“Phós siad i bhfad ó shin. Is í an bhean seo aon chéile agus aon bhaintreach Hildebrandt Burr.’
‘Take him to the mortuary and make a careful post-mortem examination. You will find a needle mark above his heart. Mrs. Laetetia Burr stabbed him with a hat pin.’
Silence fell on all those present.
‘Laetitia Burr?’ said Gobnait. ‘It was that they married without our knowledge.’
‘They got married a long time ago. This woman is the only wife and only widow of Hildebrandt Burr.’
marc Target, goal; mark m sáigh Thrust; stab; push, press; dart, lunge biorán pin; knitting needle m -
‘Is fior dó,’ arsa Laetetia agus í ag suí aniar go mórtasach i measc na nglasraí ar an gcairt.“Bhíos pósta ar George Tavistock ar leis an teach i Sraid Bennett. Thiteas i ngrá le Hildebrandt nuair a tháinig sé chun an tí s’againne chun an léas a shíniú don teach ar Shráid Bennett. Ní rabhas riamh i ngrá cheana. Thóg sé an teach ar cíos agus thóg sé seilbh ar mo chroí. Ba léir tar éis tamaill nárbh fhéidir leis an cíos a dhíol. Bhí mo chéile ar tí fógra a thabhairt dó ach…’
‘It’s true for him,’ said Laetetia as she sat back proudly among the vegetables on the cart.
‘I was married to George Tavistock who owned the house in Bennett Street. I fell in love with Hildebrandt when he came to our house for the signing the lease for the house on Bennett Street. I had never been in love before. He rented the house and took possession of my heart. It became clear after a while that he could not pay the rent. My husband was about to give him notice about the house but…’
mórtasach Proud, haughty; boastful; Joyous, exultant léas lease; Ray of light; light, radiance;
Weal, welt; red spot, blister.m síniú signature; signing m cíos rent m seilbh Occupancy, possession f díol sell; pay ar tí on the track of, in pursuit of;
on the point of, about to -
D’fhéach sí thart ar an mbaicle bheag a bhí cruinnithe os comhair na cairte agus roghnaigh sí an tAthair Padraig.“An ministéir, nó sagart, nó rud éigin den tsórt tú?
‘Sagart mé.”
She looked around the small crowd assembled in front of the cart and picked out Father Patrick.
‘Are you a minister, or priest, or something like that?’
‘I am a priest.
baicle Band of people; gang, clique f cruinnigh Gather; Assemble; collect;
draw together; summon up, recoverroghnaigh Choose, select -
‘Éist go cúramach, mar sin, mar ní dhéanfaidh mé faoistin thairis seo: Bhi Hildebrandt, a rabhas dúnta i ngrá leis, ar tí a chaite as an teach. Chuirfeadh san deireadh le gach dóchas a bhí aige clú a thuilleamh mar fhear leighis. Dhá dtrian den rince an chosúlacht agus ba chuid riachtanach den chosúlacht teach maisiúil a bheith aige agus cuma an airgid a bheith air. Níor cuireadh Hildebrandt amach ar thaobh an bhóthair. Seachas sin bhí timpist ag mo chéile agus phósas Hildebrandt. Faoi dhiscréid, ar ndóigh.”
‘Ar eagla go gcuirfeadh na póilíní iomarca spéise sa timpist a bhain dod chéile, George Tavistock,’ arsa an Duinníneach, go tomhaiste.
‘Listen carefully, then, because I will not make a confession over this: Hildebrandt, who I was deeply in love width, was about to be thrown out of the house. This would end all his hopes of earning renown as a medical man. Appearance is two thirds of the dance and it was an essential part of appearance to have an elegant house and the appearance of money. Hildebrandt was not sent to the side of the road. Instead my husband had an accident and I married Hildebrandt. Discreetly, of course.’
faoistin confession f ar tí on the track of, in pursuit of;
on the point of, about todóchas Hope; expectation, trust m clú Reputation; honour, renown m tuilleamh earning m trian third m cosúlacht Likeness; appearance, resemblance f riachtanach necessary maisiúil Decorative, beautiful; elegant; becoming, comely seachas Besides, other than, rather than; compared to -
‘Ar eagla go gcuirfeadh na póilíní iomarca spéise sa timpist a bhain dod chéile, George Tavistock,’ arsa an Duinnineach, go tomhaiste. [d.l. 241]
‘For fear the police take too much interest in the accident that took your husband, George Tavistock,’ said Dineen, measuredly.
tomhais Measure; weigh, gauge, estimate
Notaí Faoi Scéalta
| Coinbhinsiún ficsean eolaíochta eile a bhí ann | |||
| Bhí an coinbhinsiún i lár Chicago, ag óstán in aice leis an abhainn. | |||
| Is maith linn lár na cathrach Chicago | We like downtown Chicago | ||
| Tá go leor bialanna agus tithe tábhairne in aice leis an óstán | There are many restaurants and pubs near the hotel | ||
| Shiúil muid i ngach áit | We walked everywhere | ||
| Bhí an aimsir go han-mhaith | The weather was very good | ||
| Mar is gnáth, chonaiceamar go leor seanchairde ag an gcoinbinsiún | |||
| Bhí go leor plé maith | |||
|
|
|
|
|
| Nuacht eile | Other news | ||
| Fuair mé glao gutháin ó óstáin Hilton | I got a telephone call from Hilton hotels | ||
| Bhí siad ag iarraidh turas go Florida a dhíol liom | They wanted to sell me a trip to Florida | ||
|
Dúirt mé nach raibh mé ag iarraidh taisteal go Florida |
|
|
|
| Dúirt siad go raibh an turas seo an-saor | They said this trip was very cheap | ||
| Dúirt mé nach raibh mé fós ag iarraidh dul go Florida | |||
| D’fhiafraigh siad cathain ba mhaith liom cuairt a thabhairt ar Florida | |||
|
Mo fhreagra: Nuair a bheidh Ron DeSantis imithe. |
|
|
|