Duinnín i Lios Dúin Bhearna (tuilleadh)
Dineen in Lisdoonvarna (continued)
-
‘B’fhéidir go gcasfaidh bean a dhiongbhála air an uair seo,’ arsa an Duinníneach, mar a dhéanfadh iascaire agus cuil á cur amach ar an domhain aige.
‘Bhuel, a Athair, tá’s agat go bhfuil sé ráite nach bhfuil leigheas ar an mbás, ach pósadh arís.
Gairmeadh isteach i seomra an dochtúra Duinníneach agus an nath sin le meabhrú aige.
‘Maybe the woman who is his match will meet him this time,’ said Dineen as a fisherman would do when he casts a fly out into the world.
‘Well, Father, you know it has been said that there is no cure for death, but marriage again.’
Dineen was called into the Doctor’s room with that saying to meditate on.
diongbháil Match, equal f diongbhála cuil fly tá’s agat = tá fios agat you know gair call v p aut gaireadh nath Proverbial saying, adage; epigram; saw, tag m -
Thug an Dr. Burr buidéal leighis don Duinníneach. Nior leag sé méar air, Nior éist sé lena chroí. Nior fhéach sé faoina shúile. Nior leag sé méar ar a chuisle. bhí an tuairim ag an Duinníneach nár thug an dochtúir faoi ndeara go raibh sé ann, ach ar éigean.
‘Feicim ón gclár fograi amuigh nach féidir coinne a dhéanamh trathnóna Aoine né trathnóna Mháirt agus nach mbíonn teacht ort ag an deireadh seachtaine ach i gcás práinne.’
‘Bíonn cúramaí sóisialta ar dhochtiúr in áit mar seo,’ arsa Burr go meidhreach.
Doctor Burr gave a bottle of medicine to Dineen. He didn’t lay a finger on him. He didn’t listen to his heart. He did not look into his eyes. He didn’t put a finger on his pulse. Dineen was of the opinion that the doctor barely noticed that he was there.
‘I see from the notice board outside that it is not possible to make an appointment on a Friday or Tuesday evening and that you will only come on the weekend in case of urgency.’
‘A doctor has social responsibilities in a place like this,’ Burr said merrily.
cuisle pulse, vein f coinne appointment f práinn emergency f gs práinne cúram Care, responsibility m -
Fear slachtmhar ab ea é, beagáinín thar an meán-airde, cuma aclaí air. Bhí mothall gruaige air, dubh i leith na léithe, scafa siar ó chlár éadain leathan; ceannaithe snoite air, croiméal eiteach céarach . . .
‘An croiméal a dhéanann an dochar,’ arsa an Duinníneach leis féin. ‘Boc seó!”
Chuardaigh sé éirim an oilc sna súile. Nior airigh sé orthu ach mórchúis agus easpa fuaiminte.
He was a tidy man, a little above average height, he looked fit. He had a tuft of hair, black tending to gray, slicked back from a broad forehead; cut thin, waxed mustache plumes.
‘The mustache does the damage,’ said Dineen to himself. ‘Show-off!’
He searched for the tendency to evil in the eyes. He sensed nothing in them but self-importance and a lack of substance.
slachtmhar Well-finished, neat, tidy ea [3rd pers neuter pronoun used with copula aclaí Supple, limber, agile; Smooth, flexible; Adroit mothall gruaige mop of hair i leith in the direction of I leith na léithe tending to gray snoigh Cut, hew, carve, sculpture; Thin, emaciate; wear down, waste away croiméal mustache m eiteach Winged; pennate, plumed, feathered céir wax f gs céarach dochar Harm; hurt, injury; loss, distress m boc seo showman, one who shows off éirim Riding, driving; course, gallop; movement, journey;
Range, scope; tenor, drift;
Inclination, tendency, bent; Aptitude, talent; intelligenceairigh perceive, sense; feel; hear mórchúis Self-importance, pride, pomposity f easpa Lack, want; loss, absence; deficiency, defect f fuaimint Soundness, solidity, substance f gs fuaiminte -
Bhain sé an corc as an mbuidéal leighis nuair a shín Burr chuige é. Bholaigh sé é. Boladh ruibhe uisce an spá a bhí air [d.l. 226] agus iarracht de shiúicre dóite anuas air sin.
‘Fágaimis gur leathchoróin a bheidh air.”
‘Fágaimis mar seo é,’ arsa an Duinníneach.
Chuir sé an corc ar ais sa bhuidéal. Chuir sé an buidéal ar an mbord agus shiúil sé amach.
He took the cork out of the medicine bottle when Burr held it out to him. It had the sulphur smell of the spa water and a trace of burnt sugar on top of that
‘Let’s make it a half crown.’
‘Let’s leave it like this’
He put the cork back in the bottle. He put the bottle on the table and walked out
boladh smell, scent m ruibh sulphur f -
Ar a shlí ar ais chun an óstain, bhí sé gealgháireach ar an ábhar go mbeadh sé mishásta leis féin dá mba rud é gur íoc sé ar fámaire dochtúra. Bhraith sé go raibh buille beag buailte aige thar ceann Louisa agus Philomena. Bhris a gháire ar an Duinníneach nuair a chuimhnigh sé ar aghaidh Burr nuair a dhiúltaigh sé é a íoc.
On his way back to the hotel, he was cheerful about the matter because he would have been unhappy with himself if he had paid for a doctor’s visit. He felt that he had struck a small blow on behalf of Louisa and Philomena. Dineen broke into a smile when remembered Burr’s face when he refused to pay him.
gealgháireach Having pleasant smile; sunny, radiant; cheerful, joyous. thar ceann On behalf of; for the sake of diúltaigh Deny, refuse -
“Gaige, gan amhras,’ ar seisean leis féin … ‘ach an dúnmharfoir é”
Ar chuma éigin, shíl an Duinníneach nárbh ea. Bhí sé den tuairim gur dhuine leithleasach é a d’fhágfadh a riaradh ar dhaoine eile, seachas seifteálai a phósfadh agus a mharódh beirt bhan ar son a maoine.
‘Dandy, without a doubt,’ he said to himself … ‘but he is the murderer.’
Somehow Dineen thought he wasn’t. He was of the opinion that he was a selfish person who would leave his management to others, rather than a resourceful person who would marry and kill two women for their property.
Ar chuma éigin somehow leithleasach selfish riaradh administering, managing seifteálai = seifteoir Provider; resourceful person maoin Property, wealth f -
Bhain sé an Imperial amach in am do thae beag an trathnóna. Bhí maor ag an doras ag díol ticéadaí don tae leo siúd narbh aíonna de chuid an óstain iad. Bheannaigh an Duinníneach dó go cneasta agus d’fhiafraigh de an raibh an Dr. Burt tagtha go foill. Dhírigh an maor a aird ar scuaine bheag a bhí ar an taobh thall den foyer agus fuair sé buíochas an Duinninigh, a bhrostaigh i dtreo baicle bheag a bhí cruinnithe thart ar phianó. Bhí an Dr. Burr ag seinm agus ag canadh. Bhí glór meala aige.
‘Believe me if all those endearing young charms…’
He reached the Imperial in time for afternoon tea. There was a steward at the door selling tickets for the tea to those who were not guests of the inn. Dineen greeted him kindly asked him if Dr. Burt had come yet. The steward directed his attention to a small queue at the far end of the foyer and received Dineen’s thanks, who hurried towards a small group gathered around a piano. Dr. Burr was playing and singing. He had a delightful voice.
‘Believe me if all those endearing young charms…’
tae beag afternoon tea maor steward m aoi guest, lodger m pl aíonna beannaigh bless beannaigh do greet cneasta Honest, sincere; Decent, seemly; Mild-mannered. scuaine Drove, flock; line, train; queue brostaigh hasten, urge; hurry baicle Band of people; gang, clique f mil honey f gs meala -
Ó am go chéile, d’ardaíodh sé a shuile ón méarchlár agus dheineadh sé miongháire le bean a bhí sa leathchiorcal thart ar an bpianó. D’fhéach an Duinníneach go géar uirthi. Ní raibh sí óg. D’fhógair a cuid éadaigh agus a seodra go raibh sparán teann [d.l. 227] aici. Ni raibh sí sciamhach ach bhí sí insúl; beag, néata, slachtmhar, biorach. Tar éis tamaill thuig Ó Duinnín cad é an rud ar leith a bhain léi. Bhí solas an ghrá ina haghaidh agus a dhá súil sáite sa dochtúir.
From time to time, he raised his eyes from the keyboard and smiled at a woman who was in the semicircle around the piano. Dineen looked at her closely. She was not young. Her clothes and jewelery proclaimed that she had a tight purse. She was not beautiful but she was eye-catching; small, neat, tidy, sharp. After a while Dineen understood the thing that was special about her. The light of love was in her face and her two eyes were fixed on the doctor.
miongháire Smile; soft chuckle m leathchiorcal semi-circle m géar sharp, keen fógair Call out, proclaim; Declare, announce, make know sciamhach Beautiful insúl Eye-catching, attractive slachtmhar Well-finished, neat, tidy biorach pointed, sharp ar leith apart, separate; several, distinct; remarkable, special bain le Touch, interfere with; Concern, relate to sáigh Thrust; stab; push, press; dart, lunge sáite stuck, fixed -
“Mh’anam,” ar seisean leis féin, “ach tá mealladh na mban ann, cinnte. Ar éigean go bhfuil coicís caite aige san áit agus tá an bhean chóir seo dúnta i ngrá leis, cheana. Murab í. . .”
D’fhéach sé go géar arís uirthi, ar an ucht gléigeal ag éirí go dúshlánach ó shról corcra a gúna, ar an muince ghreanta óir a bhí thart ar a muineál. D’ardaigh an Dr. Burr a cheann arís. An uair seo, ní don bhean bheag shlachtmhar a nocht sé báine a dhéad agus bioranna a chroiméil ach do bhean eile, bean níos óige, níos dathúla, bean a raibh folt fada fionn uirthi agus hata galánta anuas air.
‘My soul,’ he said to himself, ‘the attraction of women is there, certainly. He has spent barely two weeks in the place and this dear woman has already fallen in love with him. Unless. . .’
He looked closely at her again, at the white bosom rising defiantly from the purple satin of her dress, at the engraved gold necklace that was around her neck. Dr. Burr raised his head again. This time, it was not to the neat little woman that he revealed his white teeth and mustache points, but another woman, a younger woman, more beautiful, a woman with long blond hair and an elegant hat on her.
mealladh Beguilement, allurement, enticement; Deception; disappointment. m dúnta closed, shut; drawn together, secured, fastened ucht Chest; breast, bosom m gléigeal Pure white, brilliant, transparently clear dúshlánach Challenging, defiant; reckless, foolhardy; Resistant, unyielding; tight, secure sról satin m corcra purple muince necklace f greanta graven; Ground, polished; shapely, beautiful; Clear-cut, distinct; engraved nocht Bare, strip, uncover; Become visible, appea báine whiteness; fairness f déad tooth m gpldéad croiméal mustache m bior point m dathúil Colourful; comely, beautiful comp níos dathúla folt Hair (of head) m -
Is ansin a chuala Ó Duinnín glor ard uasalaicmeach Sasanach. Chas sé agus chonaic sé Gobnait Ni Bhruadair ~ The Honourable Albinia mar ab fhearr aithne uirthi i gciorcail chaidrimh áirithe. Bhí sí gléasta i mbréidín baile, timpeallaithe ag málaí agus burlaí éagsúla.
‘Bhfuil an gúta ag cur isteach ort?’ ar sise.
‘Ar ndóigh, níl.’
It was then that Dineen heard a loud upper-class English voice. He turned and saw Gobnait Ni Bruadair ~ The Honourable Albinia as she was better known in certain social circles. She was dressed in homespun tweed.
‘Is gout bothering your?’ she said.
‘Of course not.’
uasalaicmeach Upper-class, aristocratic ciorcal circle m npl ciorcail caidreamh Intercourse, intimacy; social gléasta Equipped; (well-) dressed bréidín Homespun cloth; tweed. m timpeallaigh go round; surround burla Bundle, roll m gs burlaí gúta gout; gut m -
‘Má tá tú ag bleachtaireacht, lig ort go bhfuil gúta ort. Ni bhíonn duine creidiúnach ar an mbaile seo gan a leithéid a bheith air. Tar trasna chuig na suíocháin sin faoin gerann pailme agus eachtraigh dom. Tá tae agus sólaistí faoinár gcoinne thall. Ón uair go bhfuaireas do litir, tá Burr faoi choimhéad agam. Tóg tusa an trí mhála seo agus iompróidh mise an fuíoll. Táim féin anseo i Lios Dain Bhearna i mbun taispeántais de dhéantúsaíocht bhaile. Thugas liom Tom Bhilly. Tá aithne agat ar Tom Bhilly – togha garraíodóra ach go dtagann pianta cnámh air i ndiaidh óil. Chuireas síos chuig an spá ó chun dianchúrsa [d.l. 228] leighis a dhéanamh.’
If you’re a detective, pretend you have gout. There is no credible person in this town without something like it. Come over to those seats under the palm tree and tell me. Tea and delicacies are in store for us over there, Since I received your letter, Burr has been under my observation. You take these three bags and I’ll carry the rest. I myself am here in Lisdoonvarna attending to an exhibition of home manufacturing. I brought Tom Billy with me. You know Tom Billy – excellent gardener but he gets bone pains after drinking. I sent him down to the spa for an intensive course of treatment.
eachtraigh sólaistí Dainties, delicacies coimhéad Watch, guard; Watching, observation m fuíoll rest, remainder; residue; surplus m déantúsaíocht Manufacturing f taispeántas Show, exhibition; Indication, evidence m i mbun attending to, engaged in, abiding by garraíodóir gardener togha pick, choice dianchúram Intensive care m -
Bhain pionós Tom Bhilly freangaí as an Duinníneach.
Réitigh Gobnait Ni Bhruadair í féin agus a balcaisí faoi chrann pailme a bhí ag fás i soitheach mór cré. Bhí stocai á gcniotáil aici — stocaí liatha, Nior dó féin iad, mar sin. Chniotáladh sí stocai bána don Duinníneach.
‘Inis dom i dtaobh Burr,’ ar sise. [d.l. 229]
Tom Billy’s punishment made Dineen wince.
Gobnait Ni Bruadair arranged herself and her garments under a palm tree that was growing in a large earthenware vessel. She was knitting socks — gray socks. They were not for him, therefore. She knitted white socks for Dineen.
‘Tell me about Burr,’ she said.
pionós Penalty, punishment m freanga Twist, contortion; wince, twitch, spasm fi> balcais Clout, rag; garment f soitheach vessel; container; dish m -
‘Is peaca é scaipeadh an drochamhrais, agus níl orm ach amhras, ambhras agus imni.’
‘Ní cóir duit seasamh ansin led shúile ag gluaiseacht ó Laetetia Haddock chuig an Dochtúir Burr agus ar ais mar a d’fhéachfá ar uan agus ar bhúistéir más mian leat a bheith rúndiamhrach. Nuair a d’iarr tú orm faire ar Burr, chuireas nóta chuig col ceathar liom i Londain. Is cuimhin léi daoine ag caint air i ngeall ar gur deineadh baintreach fir de faoi dhó laistigh de thréimhse an-ghairid. Níor cuireadh aon ní ina leith riamh agus dhein an cróinéir comhbhrón leis go poiblí. Tá léamh eile agatsa ar an scéal, a Athair, a chroí, nó ní bheimis anseo.’
‘Spreading suspicion is a sin, and all I have is doubt, doubt and worry.’
‘You mustn’t stand there with your eyes moving from Laetetia Haddock to Doctor Burr and back as you would a lamb and a butcher if you want to be mysterious. When you asked me to watch Burr, I sent a note to my cousin in London. She remembers people talking about him on account of his being made a widower twice inside of a very short period of time. He was never charged and the coroner publicly sympathized with him. You have another reading of the story, Father, dear heart, or we wouldn’t be here
scaipeadh Dissemination, dissipation, dispersion; spreading m drochamhras Misgiving, distrust gluaiseacht Movement; Motion f uan lamb m búistéir butcher m rúndiamhracht Mysticality, mysteriousness f laistigh On the inside, within, indoors tréimhse Period, term f gairid short geall pledge, security m An choir a cuireadh ina leith he crime with which he was charged. cróinéir coroner m comhbhrón condolence, sympathy m -
‘Ar íoc tú as an tae, a théagair?”‘Ar ndóigh, níor íoc ach tá cara sa chistin agam. Bíonn siad ag brath ar mo chuid sú craobh. Scaoil amach tusa é, tá lúb ar lár im chniotáil.’”
Nuair a bhí siad socair arís, arsa Gobnait:
Did you pay for the tea, my dear?
‘Of course, I didn’t pay but I have a friend in the kitchen. They depend on my raspberries. You let it out, there is a dropped stitch in the middle of my knitting.’
When they were calm again, Gobnait said
A théagair my dear brath Perception, feeling; Spying, betrayal;
Expectation, intention; dependencem sú craobh raspberry lúb Loop, link; coil, turn; twist, bend f socair Quiet, still; calm, unruffled; easy, steady; settled; at rest. -
‘Le nach mbeidh do choinsias á shárú agat, a Dhuinninigh, inseoidh mise duit cén imni atá ort. Síleann tú go dtitfidh an dochtúir i ngrá le bean shaibhir easlán arís i mbliana, go bpósfaidh sé í agus go gcaillfear í gan mhoill. Bhuel, a chara liom, tá Burr ag sealgaireacht, ceart go leor. Tá na teicnící a d’úsáid sé anuraidh in úsáid aris aige. Cuimhnigh go rabhas anseo anuraidh agus go bhfaca mé i mbun oibre é.’
‘Cad iad na teicnící suirí atá aige, a thaisce?”
Without violating your conscience, Dineen, I will tell you what you are worried about. You think the doctor will fall in love with a rich, sick woman again this year, marry her and soon lose her. Well, my friend, Burr is hunting, all right. The techniques he used last year he is using again. Remember I was here last year and saw him in action.
‘What are his courting techniques, my dear?’
coinsias conscience m sárú violation; Thwarting, frustration m easlán Sick, infirm, invalid; morbid, unhealthy, unsound. moill Delay; stop, hindrance f sealgaireacht (Act of) hunting; (Act of) searching, foraging f suirí (Act of) wooing, courting; courtship f -
‘Dhein sé suirbhéireacht chúramach ar na mná anuraidh. Chuir sé spéis ionam féin, fiú. Bhí ráite leis go rabhas gaolta leis an Tiarna Middleton. Cheistigh sé mé i dtaobh mo shláinte le comhbhá dochtúra. Mhaolaigh ar a spéis nuair a thuig sé go rabhas anseo ag díol cabáisti, go raibh mo shláinte go maith agus nach raibh d’éileamh agam air, an lá áirithe sin, ach go dtiocfadh sé chuig bothán cois bealaigh mar a raibh leanbh is [d.l. 230] triuch air.
‘He made a careful survey of the women last year. He even showed an interest in me. He was told I was related to Lord Middleton. He asked me about my health with the sympathy of a doctor. His interest decreased when he realized that I was here selling cabbage, that my health was good, and that I had no claim on him that particular day, but that he would come to a roadside hut where there was a child with whooping cough.’
comhbhá Fellow-feeling, sympathy; close friendship, alliance f maolaigh make, become, bare or bald; Blunt, become blunt
Lower, flatten; decrease, slacken, moderateéileamh claim, demand m bothán Shanty, cabin m triuch whooping-cough m -
Ach bionn tóir ag óinseacha air. Baintreach fir a bhí cráite le huaigneas, anuraidh. Athbhaintreach fir i mbliana, croíbhriste as an nua … an port céanna … go fiú an tiún céanna ar an bpianó!’
Bhris an tAthair Ó Duinnín isteach ar an sruth cainte ag an bpointe seo.
‘ ‘Bhfuil aithne agat ar an mbean bheag dhubh sin atá ag baint lán a súil as? Thug tú Laetetia Haddock uirthi.’
But he is in pursuit of foolish women. A widower who was tormented by loneliness, last year. Widowed again in a year, a broken heart anew … the same tune … even the same tune on the piano!’
Father Dineen broke into the flow of speech at this point.
‘Do you know that little black-haired woman who is keeping her eye on him? You called her Laetetia Haddock.
tóir Pursuit, chase; hunt, search; pursuing party f cráite Agonized, tormented, grieved uaigneas loneliness m port tune m sruth Stream; current, flow m -
‘Nuair a chonaiceas go raibh spéis á léiriú ag Burr inti, chuireas caint uirthi. Sasanach í ó dhúchas. Tá sí anseo ar chomhairle dochtúra, ag glacadh na n-uiscí.’
“’Bhfuil croí lag agus sparán laidir aici?”
“Sparán teann, tá. Croí lag, ní déarfainn é.’
‘Ni ghabhann sí leis an bpatrún, mar sin,’ arsa an Duinníneach. ‘Cé hí an bhean fhionn sin, a bhfuil corr-chatsúil dhiscréideach á tabhairt ag Burr uirthi, ó am go chéile?”
‘Ni baol di siúd. Ellie Cuttle, iníon ministéara ó Chnoc an Chrochaire, gar do theorainn na Gaillimhe. Cúigear deirféar agus gan pingin eatarthu. Togha na sláinte aici.’
‘When I saw that Burr was showing an interest in her, I spoke to her. She is English by birth. She is here on doctor’s advice, taking the waters.’
‘Does she have a weak heart and a strong purse?’
‘Tight purse, yes. Weak heart, I wouldn’t say so’
‘She does not fit the pattern, therefore,’ said Dineen. ‘Who is that blonde woman, to whom Burr has been giving the occasional discreet sidelong glance, from time to time?’
‘No danger for her there. Ellie Cuttle, a minister’s daughter from Crocker Hill, near the Galway border. Five sisters and not a penny between them. She is in the best of health.’
comhairle Advice, counsel; direction, influence f patrún pattern; model; sample; example; design n corr- Odd; Occasional; Eccentric…. 2. catsúil Sidelong glance; ogle f
Notaí Faoi Scéalta
|
|
|
|
| Bhí ár laethanta saoire go maith. | ||
| Mar is gnáth, d’fhanamar abhaile agus ní dhearnamar aon turas | As usual, we stayed home and did not make any trips | |
| Bhí an Eaglais gnóthach | ||
| Bhí Domhnach deireanach na hAidbhinte ar siúl Oíche Nollag. | The last Sunday of Advent was on Christmas Eve. | |
| Bhí dhá sheirbhís eaglaise ann: Aidbhint ar maidin agus an Nollaig tráthnóna | There were two church services: Advent in the morning and Christmas in the evening | |
| Bhí an bheirt go maith | ||
| D’itheamar mairteoil rósta don dinnéar Nollag | ||
| Bhí prátaí agus bachlóg Bhruiséile ann freisin | There were also potatoes and Brussel sprouts | |
| D’fhanamar sa bhaile Oíche Chinn Bhliana | We stayed home on New Year’s Eve | |
| D’éist muid le clár raidió den scoth ó Chicago faoi cheol Steve Goodman | We listened to an excellent radio program from Chicago about the music of Steve Goodman | |
| Ceoltóir as Chicago a bhí ann a fuair bás timpeall daichead bliain ó shin. | ||
| Is maith fós a chuid amhrán, go háirithe i Chicago | His songs are still well liked, especially in Chicago | |
| Is é an t-amhrán is cáiliúla aige ná City of New Orleans, ach scríobh sé go leor eile. | His most famous song is City of New Orleans, but he wrote many others. | |
| Tuigeann gach tiománaí Chicago an Lincoln Park Pirates. | Every Chicago driver understands the Lincoln Park Pirates. | |
| Tháinig deireadh leis an gclár timpeall a naoi a chlog | The program ended about nine o’clock | |
| Bhíomar sa leaba roimh a deich a chlog | We were in bed before ten o´clock | |
| Bhí roinnt cruinnithe agam ag an eaglais | I had several meetings at church | |
| Is mise an cisteoir | I am the treasurer | |
| Bhíomar ag obair ar na doiciméid airgeadais dheireadh na bliana agus ar an mbuiséid don bhliain nua. | ||