Irish Class, August 24, 2015
Rang Gaeilge, 24ú lá Mí na Lúnasa 2015
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
Seanfhocal
dáil | as regards, like, meeting | gs dála |
Dála reithe Sheáini na Buile | Like crazy John’s ram | Lit. “Like the ram of crazy John.”
|
Chomh cam le hadharc reithe. | As crooked as a ram’s horn. |
CRÚBA NA CINNIÚNA
le Áine Uí Fhoghlú
Éalú — “Escape”
Dhúisigh an argóint fhíochmhar a bhí ag dul ar aghaidh taobh
amuigh den doras í as a néal codlata. “Molaimse í a thógaint
amach anois agus deireadh a chur léi!” Cheap Siobhán go
stopfadh a croí. Guth mná. Ag labhairt go práinneach agus go
crosta. Canúint Bhaile Atha Cliath. Níorbh é an meid a bhí á rá
aici a chuir an sceimhle [54] ba mhó uirthi, ach an guth féin.
D’aithin sí an guth sin! Ní raibh aon amhras uirthi. Lean an
bhean, ar aghaidh ag caint. Ba í Donna a bhí ann! Donna! Ní
haon ionadh go mbeadh an oiread sin eolais acu fúithi. Duine
acu féin ina teach gach lá! D’imigh creathán uafáis tríthi. Liam
bocht. Ansin rith smaoineamh uafásach eile léi. An raibh Liam
istigh ar an scéal? Chuir sí é sin as a hintinn láithreach. Ní
fhéadfadh rudaí éirí níos craiceáilte na seo. Lean an guth ar
aghaidh go teasaí, crosta: “Tá rudaí ag éirí ró-thé. Rug na
Gardaí ar dhuine de na hamadáin óga sin a raibh mise ag díol
stuif leo agus thug an pleidhce m’ainm dóibh. Anois teastaíonn
uathu mé a cheistiú. Má fhaigheann sise seans labhairt leo
beidh deireadh liomsa. Jazzer. Féach, is tusa m’uncail.
Caithfidh tú mé a chosaint.” “Éist, le do chuid cnáimhseála. Tá
Dhúisigh an argóint fhíochmhar a bhí ag dul ar aghaidh taobh amuigh den doras í as a néal codlata. | A fierce argument going on outside the door woke her from her sleeping | |
Molaimse í a thógaint amach anois agus deireadh a chur léi! | I recommend she should be taken out and done away with. | |
Ag labhairt go práinneach agus go crosta. | Speaking urgently and angrily | |
sceimhle | terror | 54 |
Níorbh é an meid a bhí á rá aici a chuir an sceimhle [54] ba mhó uirthi | It was not what what being said that was the greatest terror for her | “put the greatest terror on her” |
Ní raibh aon amhras uirthi. | She had no doubt about it | |
Lean an bhean, ar aghaidh ag caint. | The woman continued talking ahead | |
Ní haon ionadh go mbeadh an oiread sin eolais acu fúithi. | Not a surprise that they knew so much about her | |
Duine acu féin ina teach gach lá! | They had their own person in own house every day | |
D’imigh creathán uafáis tríthi. | A tremor of horror went through her. | |
Ansin rith smaoineamh uafásach eile léi. | Then another horrible thought struck her | |
An raibh Liam istigh ar an scéal? | Was Liam in on the plot? | |
Chuir sí é sin as a hintinn láithreach. | She put the thought out from her immediately. | |
Ní fhéadfadh rudaí éirí níos craiceáilte na seo. | Not possible for things to become crazier than this. | |
Lean an guth ar aghaidh go teasaí, crosta | The voice continued, heated angrily | |
Tá rudaí ag éirí ró-thé. | Things are becoming too hot. | |
Rug na Gardaí ar dhuine de na hamadáin óga sin a raibh mise ag díol stuif leo | The G caught one of the young fools selling stuff to them | |
agus thug an pleidhce m’ainm dóibh. | and the simpleton gave my name to them | |
Anois teastaíonn uathu mé a cheistiú. | Now they want to question me. | |
Má fhaigheann sise seans labhairt leo beidh deireadh liomsa. | If she get a chance to talk with them it will be the end of me. | |
Caithfidh tú mé a chosaint. | You must protect me. | |
Éist, le do chuid cnáimhseála | Listen, with your complaining | |
níos mó ná tusa i gceist anseo. Nár aithin sí mise as an bpictiúr
a craoladh ar an teilifís? Ná bí ag smaoineamh ort féin amháin,
a chailín! Caithfear smaoineamh ar an-chuid rudaí. Ní
dhéanfaimid faic léi go fóill.” “Ach, Jazzer…” Donna arís.
D’fhreagair sé i nguth daingean údarásach í: “Beidh cruinniú
againn leis na leads eile anocht agus beartóimid ansin cad le
déanamh. Tá an ceart agat sa mhéid is go gcaithfimid rud éigin
a dhéanamh gan mhoill. Ach má dhéanaimid an rud mícheart
d’fhéadfaí gach rud a chur trí chéile. Feicfimid anocht.”
Tá níos mó ná tusa i gceist anseo. | There is more involved here than you. | |
Nár aithin sí mise as an bpictiúr a craoladh ar an teilifís? | Didn’t she recognize me from the picture broadcast on television? | |
Ná bí ag smaoineamh ort féin amháin | Don’t think only of yourself | |
Caithfear smaoineamh ar an-chuid rudaí. | It is necessary to think of many things. | Caithfear aut |
Ní dhéanfaimid faic léi go fóill. | We will not do anything with her yet. | |
D’fhreagair sé i nguth daingean údarásach í | He replied in a firm authoritative voice | |
Beidh cruinniú againn leis na leads eile anocht | We will have a meeting with the other lads tonight | |
beartóimid ansin cad le déanamh | We will plan/consider what to do | |
Tá an ceart agat sa mhéid is go gcaithfimid rud éigin a dhéanamh gan mhoill. | You are right in that we have to do something without delay | |
Ach má dhéanaimid an rud mícheart d’fhéadfaí gach rud a chur trí chéile. | But if we do the wrong thing everything could be confused/mixed up | |
Feicfimid anocht. | We will see tonight. | |
Bhí an t-ocras ag cur pianta ina goile anois. Bhraith Siobhán go
raibh tamall an-fhada ann ó chuala sí an argóint taobh amuigh
dá doras. Ní raibh aon dinnéar tar éis teacht fós agus bhí sí
cinnte go raibh sé imithe i bhfad thar an ngnáth am. Go tobann
chuala sí na coiscéimeanna ag teacht anuas an sean staighre
adhmaid. Bhí sí in íoslach [55] tí acu, bhí an méid sin déanta
amach aici. Seanteach. Bhi gíoscán [56] ar an tríú céim ón
deireadh. D’aithin sí faoin am seo na coiscéimeanna éagsúla a
thagadh ina treo. Níorbh é seo gnáthfhear an dinnéir. Bhí
seisean níos moille, níos troime ar an staighre. Coiscéimeanna
níos éadroime a bhí ann anois, níos cosúla le fear an tsuipéir, an
fear a thaitin léi. Ach níos tapúla ná mar ba ghnáth. Chuala sí
an eochair á cur sa ghlas. Bhí a púicín ag crochadh go scaoilte
timpeall ar a muinéal. Tharraing sí aníos go tapa ar a súile é le
nach bhfeicfeadh sí an duine a bhí ag teacht. Bhí na
fuadaitheoirí an-dian mar gheall ar an riail sin agus faoin am
seo bhí an nós aici gan go gcaithfeadh sí fiú smaoineamh air.
Bhí an t-ocras ag cur pianta ina goile anois. | The hunger was putting a pain in her stomach now. | |
Bhraith Siobhán go raibh tamall an-fhada ann ó chuala sí an argóint taobh amuigh dá doras. | S felt that it was a long while from when she had heard the argument outside her door | |
Ní raibh aon dinnéar tar éis teacht fós | Dinner had still not come | |
bhí sí cinnte go raibh sé imithe i bhfad thar an ngnáth am. | she was sure it had gone long beyond the usual time | |
Go tobann chuala sí na coiscéimeanna ag teacht anuas an sean staighre adhmaid. | Suddenly she heard footsteps coming down the old wooden stairs. | |
íoslach | basement | 55 |
Bhí sí in íoslach [55] tí acu | She was in the basement of the house they had | |
bhí an méid sin déanta amach aici. | that much she had made out. | |
gíoscán | creak | 56 |
Bhi gíoscán [56] ar an tríú céim ón deireadh. | There was a creak from the 3rd step from the end | |
D’aithin sí faoin am seo na coiscéimeanna éagsúla a thagadh ina treo. | She recognized this this time from the different footsteps that would come in her direction | |
Níorbh é seo gnáthfhear an dinnéir. | This was not the usual dinner man. | |
Bhí seisean níos moille, níos troime ar an staighre. | He was slower, heavier on the stairs | |
Coiscéimeanna níos éadroime a bhí ann anois, | Footsteps were lighter now | |
níos cosúla le fear an tsuipéir, an fear a thaitin léi. | More like the supper man, the man she liked | |
Ach níos tapúla ná mar ba ghnáth. | But quicker than usual | |
Chuala sí an eochair á cur sa ghlas. | She heard the key being put in the lock. | |
Bhí a púicín ag crochadh go scaoilte timpeall ar a muinéal. | Her blindfold was hanging loose around her neck | |
Tharraing sí aníos go tapa ar a súile é le nach bhfeicfeadh sí an duine a bhí ag teacht. | She pulled it up quickly on her eyes so that she would not see the person who was coming | |
Bhí na fuadaitheoirí an-dian mar gheall ar an riail sin | The kidnappers were very strict about this rule | |
faoin am seo bhí an nós aici gan go gcaithfeadh sí fiú smaoineamh air. | By this time she had the habit without spending a thought on it. | |
<!–
Tháinig an duine isteach sa seomra agus ar feadh soicind nó
–>
Nár ….
-
Caitheann an buachaill sin na clocha a bhuaileann mé.
Caitheann an buachaill sin na clocha nach mbuaileann mé.
Caitheann an buachaill sin na clocha nár bhuail mé. -
Tiomáinfidh Síle an carr a cheannós sí amárach.
Tiomáinfidh Síle an carr nach gceannóidh sí amárach.
Tiomáinfidh Síle an carr nár cheannaigh sí amárach. -
Léim leabhair atá spéisiúil.
Léim leabhair nach bhfuil spéisiúil.
Léim leabhair nach raibh spéisiúil. -
Is maith liom an cat atá agam.
Is maith liom an cat nach bhfuil agam.
Is maith liom an cat nach raibh agam. -
Breathnaigh ar an mbean sin a phóganns muca.
Breathnaigh ar an mbean sin nach bpógann muca.
Breathnaigh ar an mbean sin nár phóg muca. -
Breathnaím ar chláir thelifíse a chuireanns mearbhall orm.
Breathnaím ar chláir thelifíse nach gcuireann mearbhall orm.
Breathnaím ar chláir thelifíse nár chuir mearbhall orm. -
Feicim cat a mharaíonns lucha.
Feicim cat nach maraíonn lucha.
Feicim cat nár mharaígh lucha. -
Ní cheannóidh mé teach a bheadh ródhaor.
Ní cheannóidh mé teach nach mbeadh ródhaor.
Ní cheannóidh mé teach nach raibh ródhaor. / Ní cheannóidh mé teach nach mbeadh ródhaor.[Apparently with bí we have some flexibility.]
-
Inseoidh mé scéal dhuit a chuirfeas brón ort.
Inseoidh mé scéal dhuit nach gcuirfidh brón ort.
Inseoidh mé scéal dhuit nár chuir brón ort. -
Is maith liom éisc mhóra a itheanns éisc bheaga.
Is maith liom éisc mhóra nach n-itheann éisc bheaga.
Is maith liom éisc mhóra nár ith éisc bheaga. -
Ní maith liom na pinn a bhriseanns rómhinic.
Ní maith liom na pinn nach mbriseann rómhinic.
Ní maith liom na pinn nár bhris rómhinic. -
Cheanníodh sibh bia a bhíodh go dona.
Cheanníodh sibh bia nach mbíodh go dona.
Cheanníodh sibh bia nach raibh go dona. / Cheanníodh sibh bia nach mbíodh go dona. -
Cheannódh sibh bia a bheadh go maith.
Cheannódh sibh bia nach mbeadh go maith.
Cheannódh sibh bia nach raibh go maith. / Cheannódh sibh bia nach mbeadh go maith. -
Pógaim cailíní a phóganns muca.
Pógaim cailíní nach bpógann muca.
Pógaim cailíní nár phóg muca. -
Is leisciúil an leaid sin a rinne obair go leor.
Is leisciúil an leaid sin nach ndearna obair go leor.
Is leisciúil an leaid sin nach ndearna obair go leor. -
Ní hí an bhean a chonaic mé aréir.
Ní hí an bhean nach bhfaca mé aréir.
Ní hí an bhean nach bhfaca mé aréir. -
Bhí dath aisteach ar an gcarr a fuair mé inné.
Bhí dath aisteach ar an gcarr nach bhfuair mé inné.
Bhí dath aisteach ar an gcarr nach bhfuair mé inné. -
Chuala mé ar chlár raidió a bhí an-suimiúil.
Chuala mé ar chlár raidió nach raibh an-suimiúil.
Chuala mé ar chlár raidió nach raibh an-suimiúil.
Sin méid. | That’s it. | |
<!–
–>