Monday Night Irish Class, July 23, 2012

Irish Class, July 23, 2012

Rang Gaeilge, 23 lá Mí na Iúil 2012

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

08/09/12

–>

Athmhúscailt na Taibhdheirce

múscail wake, awake
Athmhúscailt reawakening
Taibhdheirce na Gaillimhe Galway theater

  1. Labhraíonn Méabh Ní Thuathaláin le Freda Nic Giolla Chatháin, Bainisteoirr/Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce,
    Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, faoi na dúshláin atá roimh an amharclann.

    ealain art
    dúshlán challenge

  2. Ceapadh Freda Nic Giolla Chatháin, arbh as Contae na hIarmhí ó dhúchas í, mar Stiúrthóir Ealaíne ag an Taibhdhearc ar na mallaibh.
    Ní raibh Stiúrthóir Ealaíne ag an Taibhdhearc le beagnach bliain anuas agus tá siad ag feidhmiú ó oifigí
    sealadacha ó 2007, nuair a druideadh an foirgneamh de bharr tine.

    ceapadh appointed, named
    mallaibh of late, lately, recently
    feidhm function, duty f2
    sealadach temporary
    druid close, shut
    foirgneamh building
    barr tip, point, too m1
    de bharr because, as a result of

  3. Bhí moill mhór ar chúrsaí ó shin idir mhaoiniú a chinntiú agus airgead abhailiú.

    moill delay
    ó shin since that

  4. Ach faoi dheireadh, tá athchóiriú na hamharclainne ag teacht chun críche tar éis cúig bliana agus cur
    chuige úr beartaithe maidir le leathnú amach chlár ealaíne na Taibhdheirce.

    athchóiriú repair
    amharclann theater
    leathnú expansion

  5. “Is dóigh gur chaill daoine muinín as an Taibhdhearc de bharr an amharclann a bheith dúnta chomh fada sin.
    Ní raibh leigheas ag bord na Taibhdheirce ar an scéal mar ní raibh an t-airgead ann. Tá éacht déanta acu
    an t-airgead a bhailiú,” a deir Freda Nic Giolla Chatháin.

    muinin confidence
    de bharr because
    leigheas cure, medicine, solution

  6. D’éirigh leis an Taibhdhearc cómhaoiniú de €6,000 a fháil ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
    agus ón gComhairle Cathrach. Tá €2,000 bailithe acu féin agus fós airgead á lorg acu.

    cómhaoiniú funding, grant

  7. “Is de bharr ganntanas airgid nach bhfuil muid istigh [san fhoirgneamh] fós, tá tuilleadh síntiúis
    uainn agus chomh luath is a thagann siad beidh amharclann bhreá inár seilbh againn.”

    ganntanas shortange
    nach bhfuil muid … fós we still need
    tuilleadh more
    síntiús subscription, donation m1
    breá fine, excellent
    seilbh possession

  8. Is cinnte anois, áfach, go mbeidh an Taibhdhearc ar oscailt roimhdheireadh an tsamhraidh.

    áfach however

  9. “An plean atá agam ná leanúint leis an gclár a bhíodh ar siúl ag Taibhdhearc na Gaillimhe, is é sin
    go mbeidh léirithe gairmiúla á gcur i láthair ag an gcuideachta féin trí mheán naGaeilge.

    leanúint following
    léirithe shown, illustrated
    gairmiúla professional
    láthair place
    trí mheán naGaeilge through the medium of Irish

  10. Táim ag iarraidh
    go mbeidh an Taibhdhearc mar fhoirgneamh oscailte, go mbeidh cuideachtaí eile ag teacht isteach, go mbeidh
    an amharclann féin mar chroílár na n-ealaíon i lár chathair na Gaillimhe,” a deir Freda.

    <!–

    –>

  11. Is amhlaidh go mbeidh réimse leathan d’imeachtaí ealaíon eile á reáchtáil sa Taibhdhearc as seo amach.

    Is amhlaidh It seems
    réimse stretch, tract, range
    reáchtáil running f3

  12. “Tá spás iontach san amharclann agus tá seomraí againn thuas staighre. Ba mhaith liom go mbeadh
    níos mó úsáide á baint as na spásanna eile.

    thuas staighre upstairs

  13. Beidh an áit ar fáil le haghaidh comhdhálacha, cruinnithe, ceardlann,
    taispeántas agus tá scáileán againn le físeán a chur ar siúl. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh an áit
    in úsáid agus go mbeidh buzz mór timpeall uirthi,” a deir sí.

    ar fáil le haghaidh available
    comhdháil conference f3
    cruinniú meeting, gathering
    scáileán screening
    tábhachtach important

  14. Cé nach bhfuil réiteach cinnte déanta i dtaobh chlár ama an tsamhraidh, tá an Stiúrthóir Ealaíne
    ag súil go mbeidh an foirgneamh oscailte i mí Iúil agus dráma ar stáitse go gairid ina dhiaidh sin.
    Déanfaidh an tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn an Taibhdhearc a athoscailt i mí Dheireadh Fómhair agus beidh oíche mhór cheiliúrtha ann.

    réiteach resolution
    Dheireadh Fómhair October

  15. Beidh clár mór leagtha amach ó mhí Dheireadh Fómhair go dtí Geamaireacht na Nollag.
    Is féidir leis an Taibhdhearc timpeall 150 duine a thógáil, spás ar leith i lár chathair na Gaillimhe.

    leagtha amach set out
    Geamaireacht pantomime f3

  16. “Tá an Town Hall ann, ionad iontach ach tá nach mór 400 suíochán, spás mór le líonadh atá ansin.

    ionad place
    iontach wonderful
    suíochán seat
    líonadh filled

  17. “Tá an Crane Bar ann chomh maith, a bhíonn ag eagrú ceolchoirmeacha iontacha.Bhí Mike Mc Goldrick ann
    le déanaí, ceoltóir aitheanta i saol an cheoil thraidisiúnta agus bhí an áit lán go doras. Is cinnte go líonfadh
    leithéidí Mc Goldrick spás amharclann na Taibhdheirce,” a deir Freda.

    Tá an Crane Bar ann There is the Crane Bar The ann is necessary.
    chomh maith as well
    a bhíonn that is
    ag eagrú organizing
    ceolchoirm concert f2 pl ceolchoirmeacha
    le déanaí recently
    lán go doras full to the doors
    leithéid equal, like

  18. Is léir go mbeidh comhoibriú idir an Taibhdhearc agus comhlachtaí drámaíochta, grúpaí ealaíon agus
    ionaid atá ag obair in earnáil na n-ealaíon.

    ú

    léir clear, distinct, clever
    go léir wholly, entirely, all
    comhoibriú cooperation
    comhlacht company, firm m3
    ionad place, center
    earnáil sector

  19. “Tá mé ag iarraidh go mbeidh fáilte mhór roimh chuideachtaí drámaíochta a bhíonn
    ag obair trí mheán na Gaeilge agus chomh maith leis sin go mbeimid ag obair le heagraíochtaí
    ealaíon ar nós Music Network. Ba mhaith liom go mbeadh comhoibriú againn le cuideachtaí drámaíochta cosúil le Moonfish,
    comhlacht atá ag obair trí mheán na Gaeilge ach nach bhfuil a n-ionad féin acu agus go mbeimid
    ag comhoibriú le hionaid eile ar nós Áras Éanna,” arsa Freda Nic Giolla Chatháin.

    ag iarraidh wanting, needing
    cuideachta company
    eagraíocht organization
    ag comhoibriú cooperating

  20. Is é an sprioc atá ag an Stiúrthóir Ealaíne nua ná go mbeidh gach uile chuideachta
    ag iarraidh a léiriú a chur ar ardán na Taibhdheirce.

    sprioc aim, goal
    ag iarraidh wanting
    léiriú production [of a play], clarification, illustration, arrangement m4
    ardán stage, platform, height m1

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.