Duinnín i Lios Dúin Bhearna (tuilleadh)
Dineen in Lisdoonvarna (continued)
-
Tháinig deireadh leis an seisiún pianó. D’éirigh an bhean bheag dhubh, chuaigh sí caol direach chuig Burr agus sheas sí taobh leis, go sealbhach.
‘Nach í an óinseach í, a croí a bheith amuigh ar dhearna mar sin aici?’ arsa Gobnait. ‘Fan ansin, a Dhuinnínigh, agus tabhair aire do mo chuid balcaisí.’
D’fhág Gobnait a cuid cniotála ar ghlúin an Duinnínigh agus chas sí i dtreo na ndaoine a bhí seasta thart ar an bpianó.
The piano session ended. The little black haired woman got up, went straight to Burr and stood next to him, possessively.
‘Isn’t she the fool, her heart being out on her palm like that?’ said Gobnait. ‘Stay there, Dineen, and take care of my garments.’
Gobnait left her knitting on Dineen’s knee and turned towards the people standing around the piano.
caol díreach straight [motion] sealbhach possessive balcais Clout, rag; garment f -
‘Ná dein!’ arsa an Duinníneach agus d’éirigh sé chun i a ghairm ar ais, mar bhí tuairim aige cad a bhí ar intinn aici.[d.l. 231] Chreid Gobnait riamh sa mhodh díreach. Ach bhí íorna maith olna scaoilte den gceirtlín ag Gobnait agus shníomh an snáth thairis, mar líon dhamháin alla thar chuileog. Faoin am go raibh an mogalra curtha i leataoibh aige bhí Laetetia á tionlacan ar ais chuig a suíochán ag Gobnait, agus ba léir go raibh Gobnait ag réiteach chun comhairle a chur uirthi.
‘Don’t!’ said Dineen and he got up to call her back, because he had an idea of what was on her mind. Gobnait never believed in the direct method. But Gobnait had a good tangled skein of wool loose from the ball and the yarn spun over it, like a spider’s web over a fly. By the time he had put aside the mesh Laetetia was being escorted back to her seat by Gobnait, and it was clear that Gobnait was preparing to give her advice.
gair call v p aut gaireadh intinn mind; mental state f modh mode, manner; method m íorna hank; bundle; tangled skein m ceirtlín ball m scaoilte loose sníomh spin, spinning [yarn] v, m mogalra Network, plexus; mesh tionlacan Accompaniment, escort m -
Bhí radharc maith ag Ó Duinnín ar aghaidh Laetetia. Bhí mórtas le léamh ar an aghaidh sin. Cé nár thug Gobnait aon ní uirthi féin ach Gobnait Ni Bhruadair, bhí a fhios acu siúd, a chuireann spéis sna cúrsaí seo, gur bhain sí le huasalaicme Shasana. Thaitin sé le Laetetia Haddock go bhfeicfí í i gcomhluadar dheirfiúr an Tiarna Middleton. De réir a chéile, áfach, d’imigh an aoibh dá haghaidh. Spriúch sí. Thug sí leiceadar do Ghobnait agus leanfadh sí á plancadh murach gur rug Gobnait ar a lámha. Faoin am gur shroich an Duinníneach iad, bhí Laetetia smachtaithe, cé go raibh gearranáil fós uirthi agus go raibh a súile ar mire.
Dineen had a good view of Laetetia’s face. There was pride to read on that face. Although Gobnait did not call herself anything but Gobnait Ni Bruadair, they knew, who are interested in these matters, she was connected to the English aristocracy. Laetetia Haddock liked to be seen in the company of Lord Middleton’s sister. Gradually, however, the smile disappeared from her face. She lashed out. She slapped Gobnait and would have continued to beat her if Gobnait had not gripped her hands. By the time Dineen reached them, Laetetia had been subdued, though she was still panting and her eyes were in a rage.
mórtas Pride, haughtiness; boastfulness m uasalaicme = uasaicme Upper class, aristocracy f De réir a chéile Gradually aoibh Form, beauty; Smile; pleasant expression f Spriúch Lash out, kick; Fly into a rage; Splutter, sputter leiceadar slap m plancadh Beating, trouncing m smachtaigh Control, restrain, discipline; subdue, subjugate gearranáil Shortness of breath; panting breath f mire Quickness, rapidity; spiritedness, ardour; Madness, frenzy f -
Ar éigean go bhfaca éinne an t-eachtra. Iad siúd a chas thart ar chloisint an leiceadair dóibh, ní fhacadar ach beirt bhan i ndoimhinchomhrá agus greim láimhe ag an mbean ba chríonna ar an mbean eile, le dúthracht cainte. Chonaic an Dr. Burr ar tharla, ámh, mar go raibh sé ar a shli sall chucu nuair a dhein Laetetia a hionsaí. Chuir sé sal volatile le srón Laetetia láithreach agus fuaimeanna beaga suaimhneasúla á ndéanamh aige.
Hardly anyone saw the incident. Those who turned around when hearing the slap saw only two women in deep conversation and the wiser woman holding the hand of the other woman, speaking earnestly. Dr. Burr saw what happened, however, because he was on his way across to them when Laetetia made her attack. He immediately put sal volatile to Laetetia’s nose while making small soothing sounds.
eachtra Adventure, adventurous journey, expedition; Unexpected incident, event, experience; wonderful occurrence f clois hear doimhinchomhrá deep conversation críonna wise, prudent greim grip, grasp, hold m dúthracht Devotion, fervour; earnestness, diligence; Goodwill; goodwill offering, favour f ámh Indeed, truly; However sall To the far side, over, across ionsaí Advance, approach, attack; attempt m sal volatile smelling salts, usually ammonium carbonate láithreach Present, immediate fuaim sound f pl fuaimeanna suaimhneas Peace, tranquillity; quietness, rest m -
‘Téanam,’ arsa an Duinníneach le Gobnait.
Dhein an dochtúir comharthaí beaga leithscéalacha le Gobnait. Leath a shúile air nuair a d’aithin sé a compánach, an té nar íoc é.
‘Cad dúirt tú 1éi?’ arsa an Duinníneach agus iad ag imeacht.
‘Bhíos an-chúramach. “Dá mba mise tusa,” a dúras, “d’fhiafróinn [d.l. 232]
de conas mar ar chaill sé beirt bhan in achar sé mhi, sula gceanglóinn féin leis.”’‘Let’s go,’ Dineen said to Gobnait,
The doctor made small apologetic signs to Gobnait. His eyes widened when he recognized her companion, the one who hadn’t paid him.
‘What did you say to her?’ said Dineen as they left.
‘Be very careful. “If I were you,” I said, “I would ask him how he lost two women in the space of six months, before I bound myself to him.”‘
Téanam Let’s go comhartha sign, mark; symbol; symptom;
indication, omen; tokenm pl comharthaí leithscéalach apologetic, fond of excuses achar Distance, journey; period of time ceangail Bind, tie -
‘Aililiú!’ arsa an tAthair Ó Duinnín leis féin, ‘mura bhfuil an lasóg sa bharrach anois!”
D’inis an Duinníneach do Ghobnait an mhaidin dar gcionn go mbeadh uirthi cúram an stainnín a fhágáil faoin mbeirt rascal, go ceann cúpla lá, agus a bheith mar aingeal coimhdeachta ag Laetetia Haddock. Thóg sé air féin súil a choinneáil ar Burr agus ar Ellie Cuttle, an bhean óg fhionn go bhfaca sé Burr ag sméideadh súl uirthi.
‘Alleluia!’ said Father Dineen to himself, ‘if the flame is not in the tow now!’
Dineen told Gobnait the next morning that she would have to leave the care of the stand to the two rascals, for the next few days, and be like Laetetia Haddock’s guardian angel. He took it upon himself to keep an eye on Burr and Ellie Cuttle, the young blonde woman that he saw Burr winking eyes at.
lasóg Small flame; small torch, light f barrach sméideadh Wink, nod, beckoning sign m -
‘D’insíos duit nach bhfuil pingin aici siúd,’ arsa Gobnait. ‘Ní baol di.’
‘Bíonn sí an-déanta suas. Tá cuma an rachmais uirthi.”
‘Col ceathar a bhíonn ag síneadh chuici.’
‘Fear saibhir anois é Hildebrandt Burr, b’fhéidir go meallfaidh óige agus áilleacht an babhta seo é, seachas saibhreas.’
‘Cad mar gheall ar Laetetia Haddock?’
‘Á, Laetetia Haddock,’ arsa an Duinníneach, ‘tabhair aire mhaith di.’
“Beidh mé ina leith mar a bhíonn sciortán i mbléin bó.”
‘I told you she doesn’t have a penny,’ said Gobnait. ‘She’s not in danger.’
‘She is very well made up. She has the appearance of wealth’
‘A cousin is reaching out to her.’
‘Hildebrandt Burr is now a rich man, perhaps this round youth and beauty will attract him, rather than wealth’
‘What about Laetetia Haddock?
‘Ah, Laetetia Haddock,’ said Dineen, ‘take good care of her.’
‘I will be to her like a tick to a cow’s groin.’
rachmas wealth, abundance m gs rachmais síneadh Stretching, stretch; extension, prolongation m babhta Bout; Spell, turn; round; time; occasion m sciortán Edge, border; coverlet m sceartán tick [parasite] m bléin Groin; Cavity; cove f -
An trathnóna sin bhí tionól tae agus caidrimh san Ostán Imperial. An uair seo bhí pianódóir an óstain ag seinm nuair a lean an Duinníneach an Dr. Burr isteach sa seomra.
That evening there was a tea and social gathering at the Imperial Hotel. This time the hotel’s pianist was playing when Dineen followed Dr. Burr into the room.
tionól Gathering, assembly m caidreamh Intercourse, intimacy m gs caidrimh -
Ní raibh aon rian de Ghobnait né de Laetetia Haddock ann ach bhí Ellie Cuttle agus cailiní eile ag éisteacht leis an bpianó agus iad ag léiriú, idir babhtai meánfaíochta, go rabhadar faoi dhraíocht. Chéimnigh Burr thart ar an seomra, ag beannú do dhaoine. Ansin shuigh sé taobh le hEllie agus ba léir go raibh siad ag réiteach go seoigh le chéile. Nior fhéach ceachtar acu ar [d.l. 233] an bpianódóir. Shuigh an Duinníneach faoin gcrann pailme mar ar shuigh Gobnait cheana agus lig sé air a bheith ag léamh. Ba léir dé go raibh aird Burr ar an doras isteach, ainneoin a chuid cúirtéireachta. Choinnigh Ó Duinnín súil ar an doras freisin. Bhí súil Burr nios práinní ná súil an Duinnínigh. Cúpla soicind sular tháinig Laetetia Haddock isteach sa salon, rug Burr greim ar láimh Ellie Cuttle, d’ardaigh sé an lámh chun a bheol, bhronn smaiseog ar an láimh sin, d’umhlaigh sé, chas sé, agus dhírigh sé ar an doras in aon ghluaiseacht mhín amháin. Shíl an Duinníneach gur dhein sé go healaíonta é.
There was no sign of Gobnait or Laetetia Haddock but Ellie Cuttle and other girls were listening to the piano as they were showing[?], between rounds of yawning, that they were under a spell. Burr stepped around the room, greeting people. Then he sat next to Ellie and it was clear that they were settling wonderfully together. Neither of them looked at the pianist. Dineen sat under the palm tree where Gobnait had sat beforehand and pretended to be reading. It was clear that Burr’s attention was on the entrance, despite his courting. Dineen also kept an eye on the door. Burr’s eye was more urgent than Dineen’s. A few seconds before Laetetia Haddock entered the salon, Burr took Ellie Cuttle’s hand, raised the hand to his mouth, bestowed a resounding kiss on that hand, bowed, turned, and headed to the door in one smooth movement. Dineen thought he did it gracefully.
léiriú Clarification, illustration; representation;
Order, arrangement, preparation.m seoigh wonderful seó Show, spectacle; fun, sport;
Display, profusion; great number or amountm var gs seoigh cheana Already; Beforehand; … doras isteach entrance ainneoin notwithstanding, in spite of
cúirtéireacht (Act of) courting f práinneach Urgent, exigent; pressing, pressed comp níos práinní bronn grant, bestow smaiseog Resounding kiss, smack f umhlaigh humble; bow; submit, obey, stoop v dírigh straighten; direct, aim, point at gluaiseacht movement, motion f mín smooth ealaíonta Artistic, skilful; graceful, elegant;
Artful, tricky - n
Thóg Burr parasól Laetetia uaithi, d’aimsigh sé suíochán di. Thug sé a aird go hiomlán uirthi agus níor thug sé oiread is gliúcadh amháin i dtreo Ellie.
‘Tá sé ag feadaíl agus ag ithe míne san aon am,’ arsa an Duinníneach leis féin.
Tháinig Gobnait isteach sa salon ar shála Laetetia agus shuigh sí taobh leis an Duinníneach.
‘Ná tóg amach do chuid cniotála,’ ar seisean. ‘Seans go mbeidh ort gluaiseacht go tapaidh. Cad a dhein Laetetia Haddock inniu?”
Burr took Laetetia’s parasol from her, found her a seat. He gave her his full attention and didn’t give as much as glance in Ellie’s direction.
‘He is whistling and eating meal at the same time,’ said Dineen to himself.
Gobnait came into the salon on Laetetia’s heels and sat down beside Dineen.
‘Don’t take out your knitting,’ he said. ‘There is a chance you will have to move quickly. What did Laetetia Haddock do today?’
suíochán seat; Sitting, session;
Settled position, established statem iomlán All, the whole; total, aggregate;full m, a gliúcach peering, purblind, person; curious, furtive, prying, person feadaíl (Act of) whistling f míne Smoothness, softness; Fineness, delicacy; Mildness, gentleness; quietness, placidity f sáil heel npl sála gluaiseacht Movement; Motion f -
‘Cheannaigh sí hata nua. Thug sí cuairt ar an Dr. Burr san íoclann ar maidin. D’fhill sí ar an íoclann trathnóna ach ní dheachaigh sí isteach. Lean sí an Dr. Burr nuair a tháinig sé amach agus lean sí faid lena lóistín é. Dhein mo chuid cainte inné maitheas di, ainneoin gur chuir sé olc uirthi. Tá sí éirithe amhrasach ina thaobh.’‘O, sea,’ arsa an Duinníneach, ach ba léir nach raibh sé ag éisteacht léi.
‘Táim ag caint le hasal agus an t-asal ag sodar.’
‘O, sea,’ arsa an Duinníneach arís. ‘An é sin an hata a cheannaigh si?’ [d.l. 234]
‘She bought a new hat. She visited Dr. Burr in the clinic/dispensary this morning. She returned to the dispensary in the evening but did not go inside. She followed Dr. Burr when he came out and she followed him the distance to his lodgings. My speech yesterday did her good, although it offended her. She has become suspicious of him.’
‘Oh, yes,’ said Dineen, but it was clear he wasn’t listening to her.
‘I am talking to a donkey and the donkey is trotting’
‘Oh, yes,’ said Dineen again. ‘Is that the hat she bought?’
íoclann dispensary f fad Length; distance, duration, extent m gs npl faid sodar ainneoin notwithstanding, in spite of; although amhrasach Doubtful; suspicious -
D’fhéach Gobnait ar Laetetia agus í ag siúl thart ar an salon, uillinn ar uillinn le Hildebrandt Burr.
‘Sea, seafóidín cleití nach mairfidh cioth báistí agus a bhfuil gá le pionna gach aon taobh de chun é a choinneáil uirthi in aon chor.’
‘O, a Thiarna!’ arsa an tAthair Padraig agus a shúile ar an hata.
Gobnait looked at Laetetia as she walked around the salon, arm in arm with Hildebrandt Burr.
‘Yes, a little nonsense of feathers that will not survive a shower of rain and which needs a pin on each side to keep it on her anyway.’
‘Oh, Lord!’ said Father Patrick with his eyes on the hat.
cleite feather cleití cioth = cith shower pionna pin, peg m -
‘Nílim cinnte cad is féidir linn a dhéanamh chun í a chosaint,’ arsa Gobnait, ‘mura n-éisteoidh sí le comhairle a leasa. D’fhéadfainn a rá leis an mbeirt rascal atá fostaithe agam í a chaitheamh sa chairt agus í a chlúdach le cabáistí. B’fhéidir go mbainfeadh cúpla lá ag baint fhátaí, faoi mo stiúirse, an spadhar pósta di.”
‘Ná dein,’ arsa an Duinníneach. ‘Is fearr gan an dlí a bhriseadh nuair is féidir teacht timpeall air.’
‘Cuirfidh mé deannóg phúdair ar mo shrón ón uair go bhfuil sí faoi raon do súil,’ arsa Gobnait agus d’fhag sí an Dunnineach leis féin faoin gcrann pailme.
‘I’m not sure what we can do to protect her,’ said Gobnait, ‘if she will not listen to advice of her interest. I could tell the two rascals I employ to throw her in the cart and cover her with cabbages. It might take a few days of digging potatoes, under my direction, to remove[??] her fit of marriage.’
‘Don’t,’ said Dineen. ‘It’s better without breaking the law when you can get around it.’
‘I will put a pinch of powder on my nose since she is within your eye range,’ said Gobnait and she left Dineen by himself under the palm tree.
cosaint defense, protection f leas Good, well-being, benefit, interest m gs leasa fostaigh Catch, hold fast, grip; Engage, retain in service; hire, employ clúdach Covering; cover, wrap; lid m fata = prata potato stiúir rudder; Direction, control;
Set, inclination, posture; Aggressive attitudef spadhar (Temperamental) fit m deannóg raon Way, path, route; range -
Cuireadh tús le hIonsaí na hInse. Is go mall leisciúil a seinneadh an ceol agus is go mall grástúil a ghluais lucht rince. Ní aithneofá é ar an rince céanna á dhéanamh istoíche ag an gcrosaire. Chuaigh Burr agus Laetetia amach ag rince. Tamall ina dhiaidh sin, d’iarr buachaill óg rua, a raibh snó na gréine air agus cuma shoineanta air, Ellie amach ag rince. Sméid an Duinníneach a cheann agus é sásta. Sheas Ellie agus an t-ógánach rua ag an gceann eile den seomra ó Burr agus Laetetia.
The Siege of Inis started. The music was played slowly and lazily and the dancers moved slowly and gracefully. You wouldn’t recognize him doing the same dance at night at the crossroads. Burr and Laetetia went out to dance. After a while, a young red-haired boy, sun-colored, and looking innocent, asked Ellie out to dance. Dineen nodded his head in satisfaction. Ellie and the redheaded youth stood at the other end of the room from Burr and Laetetia.
ionsaí Advance, approach, attack; attempt m inis island f gs inse leisciúil Lazy, slothful; Reluctant, loath; shy grástúil gracious; Benignant, merciful istoíche by/at night Sméid Wink, nod, beckon; sign, signal (with movement of head) -
Ach, ar ndóigh, leath slí trín rince, chas an dá bheirt le chéile. Bhí an Duinníneach ag faire go géar. Agus Burr ag céimniú i leataoibh le hEllie, thug sé catsúil ar Laetetia, a raibh cuma uirthi go raibh sí ag caint leis an ógánach rua agus iad ag déanamh na sleaschéime. Chroch Burr lámh Ellie, bhronn póg [d.l. 235] eile ar an láimh agus d’fhéach sé ina suile go himpíoch. D’fhéach an Duinníneach ar Laetetia. Bhi sí ag faire ar Burr. Nior lig sí aon ní uirthi áfach. Chríochnaigh an rince agus bhí corraíl áirithe agus daoine ag bailiú chun imeachta.
But, of course, half way through the dance, the two couples turned together. Dineen was watching closely. As Burr was stepping alongside Ellie, he gave a sidelong glance to Laetetia, who pretended to be talking to the red-haired youth as they did a side step. Burr lifted Ellie’s hand, gave her another kiss on the hand, and looked entreatingly into her eyes. Dineen looked at Laetitia. She was watching Burr. She didn’t pretend to be anything however. The dance ended and there was particular agitation as people gathered to leave.
catsúil Sidelong glance; ogle f slios side; Inclination, slope m croch hang; raise up; lift, carry bronn grant, bestow impíoch Entreating, suppliant; intercessory corraíl Movement, stir; agitation, excitement f
Notaí Faoi Scéalta
| Is mise cisteoir ár n-eaglaise | I am the treasurer of our church | |
| Eaglais Easpaig Naomh Clement i Naomh Pól | Saint Clement’s Episcopal church in Saint Paul | |
| in aice le Summit agus Victoria | near Summit and Victoria | |
| Bhí orm oibriú ar thuarascí airgeadais dheireadh na bliana | I had to work on year-end financial reports | |
| Agus buiséad na bliana nua | ||
| Níl aon fhadhbanna móra airgeadais ag an eaglais | The church has no big financial problems | |
| Is maith liom na daoine a mbím ag obair leo ann | I like the people I work with there | |
| Bhí an saol sa bhaile ciúin | Life at home has been quiet | |
| Tá fadhbanna fiaclóireachta ag mo mhac is sine | ||
| Bhí root canal orm | ||
| Tá mo pelvis leigheas | ||
| Níl aon fadhbanna agam ag siúl anois | I have no problems walking now | |
| Tá pianta ina cosa anois, áfach, ag Mia | However, Mia now has pains in her legs | |
| Tá teiripeoir aici chuige seo agus tá sé ag éirí níos fearr | She has a therapist for this and is getting better | |
| Nuacht eile | Other news | |
| Táim ag obair anois ar ár gcánacha | ||
|
|
|
|